Na Rudaí agus Na Daoine a mBionn Tionchar acu ar Mo Shaol

le Sarah McGillicuddy

Ar dtús, ba é saíocht mo thuismitheoirí an tionchar amháin a bhí i mo shaol. B’iad na daoine ba chliste ar an domhan – bhi gach rud ar eolas acu. Is Cuma cad a dúirt siad, bhí an ceart acu. Cosúil le gach páiste eile, bhiacute; lá muinín agam as mo thuismitheoirí go dtí an lá ar thréig siad go fealltach mé ag dorais na scoile.

Bhí mé ar buile gur fhág siad anseo i m’aonar mé. Bhí mé ag smaoineamh nach raivh siad chomh foirfe is a cheap mé. B’fhéidir go raibh daoine níos fearr timpeall na háite seo – an múinteoir, b’fhéidir? Thosaigh mé ag éisteacht léi, agus bhí a lán le foghlaim uaithi. Mhúin si dom an abairt is luachmhaire sa bhunscoil – “An bhfuil cead agam dul amach?”!

D’fhoghlaim mé a lán fíricí tabhachtacha ó na dhaltaí eile chomh maith. Fíricí maidir le gach gné don saol. Mhúin siad dom go dtiteann leanghaí ón spéir, agus má fheiceann tú ceann I do gháirdín, is féidir leat é a chomeád! Thug siad moladh úsáideach dom freisin – mhol siad dom choimeád as slí buachaillí – bíonn boladh uafásach uathu!

Gach oíche, tar éis m’obair bhaile a dhéanamh, bhraith mé ar an teilifís. Thug mé an-chuid rudaí suimiúla faoi ndeara ag an briseadh idir cláranna. Dúradh liom go dtabharfadh Daidí na Nollag Barbie agus Ken dom mar bhronntanais, dá mbeadh mé I mo chailín mhaith. Dúradh liom freisin nach mbeadh saol sasúil agam gan carr chun dul le Barbie. (Ba dhuine an-fhlathúil é Daidí na Nollag!)

Nuair a bhí mé ag dul in aois, bhí mé ag éirí fiosrach aga n am céanna. Cé go raigh scéal amháin ag na cailíní ar scoil, bhí ceann saghas difriúl agan teilifís faoi teacht leanghaí! Bhí m’aigne ag aistriú faoi cheist na mbuachaillí chomh maith – b’fhéidir nach raibh an boladh chomh dona sin! Idir an teilifís, irisleabhair agus mo cháirde , bhí mo cheann saghas trína chéile. Mar sin, mar is ghnáthach, ar ais liom go dtí mo Mhamaí! Thug sí freagra saghas ‘gairid’ dom, ach ní raibh mé ach timpeall deich mbliana d’aois agus bhí mé sásta

Tar éis sin, ní fada go raibh mé ag dul isteach sa mheánscoil, agus ag iarraidh triail a bhaint as rudaí nua. Is cuimhin liom go maith mo chéad toitín – na cailíní ag rá ‘tóg é, tóg é!”, ag análú, ag déanamh iarracht an casachtach a cheilt! Bhí na scannáin agus na cáirde ag ará liom g bhfeicfeadh mé an-‘cool’ le toitín I mo bhéal, ach b’fhuath liom iad!

Tamaill beag ina dhiaidh sin, thosaigh mé aga imirt peile. Bhi ag éirí go maith lenár bhfoireann agus bhí ár gcóiste ag cur brú orainn chun choimeád aclá agus folláin. Bhí mé sásta go leor é sin a dhéanamh – agus ba leithscéal maith é do mo cháirde éirí as na feaigs! Bhí meas mór agam ar an gcóiste, agus ba é m’aidhm a bheith díreach cosúil léi ar feadh blian nó dhó. Toisc go raibh meon aici a dúirt nach raibh sa saol ach spórt, bhí mo ghrádanna ag fulaingt agus an Mamaí g éirí buartha. Níor bhac mé léi go dtí lá toradh an Teastais Sóisearaigh, agus, mar is ghnáthach, chonaic mé go raibh an ceart ag Mamaí. Nach fíor é nach dtagann ciall roimh aois!

Agus anois, táim ag déanamh m’Ardteist. Leis an méid sin tionchair difriúla i mo shaol go dtí seo, nach iontach an rud é nach bhfuilim dulta glan as mo mheabhair! Le cabhair na teilifíse, irisleabhair agus an mhúinteora eolaíochta, ag an deireadh tá tuiscint agam ar chúrsaí teacht leanbhaí. Níl fadhb na buachaillí réitithe agam fós, áfach! B’fhéidir go bhfuil eolas ag Mamaí….

back button forward to school
Mission Statement Home SiteMap