Cinniúint
le Maria Mulvihill

Naoi mbliana atá slánaithe agam,
Is tá an bás ag bagairt orm,
An tseanaois go deo ní shroichfidh mé,
Ochón, ochón ní thigim é,

I dtír na nGael sea rugadh mé,
Tús do chuir mé le nua re´,
Saol geal meidhreach ós mo chomhair,
Mo l&ecute;an is ro´ghearr do mhair.

An Tíogar Ceilteach 'gus dul chun cinn,
An tAontas Eorpeach is sloirmhian,
Is iad do mhill is do loit,
Briongloidí geala mo shaoil.

Chun bháis a daoradh mé,
Gan trua, taisce no tro´caire De´,
Beag a deineadh chun mé a chosaint,
Chun ba´s anabaí a sheachaint.

Is cruálach an saol seo 'gainne,
An láidir ag satailt ar an lag,
M'óige caite, mo phort seinnte,
An bás ag teacht cinnte.

Gruaim's brón mar chompánaigh,
Is mé ar thairseach na mílaoise,
Beag an comóradh Oiche Chinnbhliana,
Don té nach mairfidh nios sia.

Amach sanseao beidh mé dífhostaithe,
Caite ar leataobh - mo loinnir caillte,
Ag caoineadh m'o´ige,
Is mo thodhchaí múchta.

Mo ras tá se rite,
Ni´ feidir ea ashéanadh,
Níl saoirse le fáil,
Na´ leigheas ag éinne.

Drom láimhe a tugadh,
Don chláirseach is do bhfia,
Dibeartha gan chumha ó Chríoch Mhíle,
Chun tús áite a thabhairt don Euro gránna.

Bonn álainn mé - dathúil go leor,
Ní fada mo bheatha id do stór,
Punt le malartu - gan bhuairt ná brón,
Sin mo chinniúint - slán go deo !

back button forward to school
Mission Statement Home SiteMap